Téigh ar aghaidh chuig an ábhar
  • Baile
    • Seol teachtaireachtaí go príobháideachFan nascthaCeangail i ngrúpaíCuir thú féin in iúlWhatsApp for Business
  • Príobháideachas
  • Ionad Cabhrach
  • Blag
  • For Business
  • Íoslódáil
Íoslódáil
Téarmaí & Polasaí Príobháideachais2025 © WhatsApp LLC
Príomhleathanach WhatsAppPríomhleathanach WhatsApp
    • Seol teachtaireachtaí go príobháideach

      Criptiú ó cheann go ceann agus rialtáin phríobháideachas.

    • Fan nasctha

      Cuir teachtaireachtaí agus glaonna saor in aisce* ar fud an domhain.

    • Ceangail i ngrúpaí

      Teachtaireachtaí grúpa déanta éasca.

    • Cuir thú féin in iúl

      Úsáid greamáin, teachtaireachtaí béil, GIFanna agus tuilleadh chun tú féin a chur in iúl.

    • WhatsApp Business

      Déan teagmháil le do chustaiméirí ó áit ar bith.

  • Príobháideachas
  • Lárionad Cabhrach
  • Blag
  • Do Ghnólachtaí
  • Aipeanna
Logáil isteachÍoslódáil

Conas mar is féidir le WhatsApp cuidiú leat fanacht i dteagmháil le daoine eile le linn phaindéim an choróinvíris (COVID-19)

Cuidíonn WhatsApp leat ceangail leis na daoine is ansa leat. Seo roinnt bealaí le WhatsApp a úsáid chun aire a thabhairt do do chairde agus do do mhuintir, fanacht cothrom le dáta ar an bhfaisnéis sláinte oifigiúil is déanaí, agus faisnéis a chomhroinnt go freagrach. Má tá tú i d'úsáideoir nua WhatsApp nó mura bhfuil ort ach dul siar ar rudaí, seo treoir céim ar chéim ar ar chúrsaí a chur chun siúil.

Ceangail ó chian

Úsáid gnéithe WhatsApp, cosúil le grúpaí, guthghlaonna agus físghlaonna le fanacht i dteagmháil agus le tacaíocht a thabhairt do dhaoine muinteartha nuair nach féidir bheith san áit chéanna leo.

Roghnaigh foinsí iontaofa faisnéise

Ceangail le heagraíochtaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Bain úsáid as foinsí iontaofa, cosúil leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, nó d'aireacht sláinte náisiúnta, leis an bhfaisnéis agus an treoir is déanaí a fháil.

Cabhraigh linn scaipeadh ráflaí a chosc

Déan machnamh ar na teachtaireachtaí a fhaightear mar d'fhéadfadh roinnt de na rudaí maidir leis an gcoróinvíreas a fhaigheann tú a bheith míchruinn. Fíoraigh na fíricí le foinsí iontaofa oifigiúla eile, le lucht seiceálacha fíricí, nó leis an mbota comhrá de chuid an International Fact-Checking Network (IFCN) ar +1 (727) 2912606. Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil rud éigin fíor, ná roinn é.

Ceannairí Pobail

Táimid tiomanta do thacaíocht a chur ar fáil do cheannairí pobail agus an dúshlán seo á fhreagairt agat. Foghlaim conas is féidir leat feidhm a bhaint as WhatsApp le do phobal a choimeád ar an eolas agus chun fanacht ceangailte leis, fad agus atá daoine buartha faoin gcoróinvíreas.

Gairmithe Cúraim Sláinte

Foghlaim conas is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d'othair, an pobal a chur ar an eolas, nó cian-chomhdhálacha a óstáil, freagraí sciobtha ar cheisteanna a chuirtear go minic a shocrú, agus neart eile.

Foghlaim tuilleadh >

Oideoirí

Foghlaim conas is féidir leat ceangal le d'fhoghlaimeoirí ar WhatsApp, tascanna a sheoladh agus a fháil, ceachtanna a chomhroinnt mar théacs agus teachtaireachtaí béil, agus neart eile.

Foghlaim tuilleadh >

Eagraíochtaí Neamhbhrabúis agus Rialtais Áitiúla

Cuir d'eagraíocht i láthair, bí i dteagmháil le do phobal, comhroinn faisnéis chruinn thráthúil, comhoibrigh le d'fhoireann, tabhair freagraí sciobtha ar cheisteanna coitianta, agus neart eile.

Foghlaim tuilleadh >

Gnólachtaí Áitiúla

Aimsigh tuilleadh bealaí chun fanacht i dteagmháil le do chuid custaiméirí, d'uaireanta gnó reatha a chomhroinnt, bailiúcháin agus seachadtaí a dhéanamh níos éifeachtúla, nuashonruithe rialta fardail a chur ar fáil agus neart eile.

Foghlaim tuilleadh >

Scéalta

Féach conas atá daoine ag baint feidhm as WhatsApp chun dul i dteagmháil lena bpobail féin le linn na tréimhse deacra seo:

Sa Phacastáin, d'éirigh le grúpa WhatsApp Rs21 milliún a bhailiú chun tacú leis na daoine is leochailí sa tír ionas nach dtiocfaidh an t-anás orthu: Léigh an t-alt anseo >

Fanann grúpa Méaraí san Iodáil i dteagmháil lena chéile ag úsáid WhatsApp: Léigh an t-alt anseo >

Tá bunscoileanna in Napoli na hIodáile fós ag teagasc in ainneoin dóibh a bheith dúnta agus tá feidhm á baint acu as WhatsApp chun tascanna a sheoladh chuig teaghlaigh: Léigh an t-alt anseo >

Chuaigh fear in Hong Cong i muinín WhatsApp chun an pobal a shlógadh chun tacú le gnólachtaí áitiúla: Léigh an t-alt anseo >

Tá clár cumhachtaithe fostaíochta san Iordáin ag baint feidhm as WhatsApp chun mná a choinneáil spreagtha le poist a fháil a fhad agus atá an coróinvíreas linn: Léigh an t-alt anseo >

Chruthaigh gairmithe sláinte i bPáras grúpa WhatsApp chun nuashonruithe maidir le leapacha saora ospidéil a fháil: Léigh an t-alt anseo >

Déanann feidhmeannaigh in Coimbatore na hIndia cruinnithe a reáchtáil ar WhatsApp: Léigh an t-alt anseo >

Déanann múinteoirí i gcampaí dídeanaithe sa tSiria físcheachtanna a roinnt le tuismitheoirí ar WhatsApp: Léigh an t-alt anseo >

Tá daoine san India a tháinig slán ón sclábhaíocht ag baint feidhm as grúpaí WhatsApp chun feasacht maidir leis an gcoróinvíreas a ardú i measc a gcomhpháirtithe: Léigh an t-alt anseo >

Is féidir le hothair as Florianópolis na Brasaíle coinní a dhéanamh agus ceisteanna a chur trí WhatsApp: Léigh an t-alt anseo >

Comhpháirtithe domhanda

Íoslódáil
Príomhlógó WhatsApp
Príomhlógó WhatsApp
Íoslódáil
An rud a dhéanaimid
GnéitheBlagSlándáilDo Ghnólachtaí
Cé muid
Maidir linnGairmeachaLárionad BrandaíPríobháideachas
Úsáid WhatsApp
AndroidiPhoneMac/Ríomhaire pearsantaWhatsApp ar an nGréasán
An bhfuil cabhair uait?
Déan teagmháil linnIonad CabhrachÍoslódáilComhairleoirí Slándála
Íoslódáil

2025 © WhatsApp LLC

Téarmaí & Polasaí Príobháideachais
Mapa suímh