Téigh ar aghaidh chuig an ábhar
  • Baile
    • Seol teachtaireachtaí go príobháideachFan nascthaCeangail i ngrúpaíCuir thú féin in iúlWhatsApp for Business
  • Príobháideachas
  • Ionad Cabhrach
  • Blag
  • For Business
  • Íoslódáil
Íoslódáil
Téarmaí & Polasaí Príobháideachais2025 © WhatsApp LLC
Príomhleathanach WhatsAppPríomhleathanach WhatsApp
    • Seol teachtaireachtaí go príobháideach

      Criptiú ó cheann go ceann agus rialtáin phríobháideachas.

    • Fan nasctha

      Cuir teachtaireachtaí agus glaonna saor in aisce* ar fud an domhain.

    • Ceangail i ngrúpaí

      Teachtaireachtaí grúpa déanta éasca.

    • Cuir thú féin in iúl

      Úsáid greamáin, teachtaireachtaí béil, GIFanna agus tuilleadh chun tú féin a chur in iúl.

    • WhatsApp Business

      Déan teagmháil le do chustaiméirí ó áit ar bith.

  • Príobháideachas
  • Lárionad Cabhrach
  • Blag
  • Do Ghnólachtaí
  • Aipeanna
Logáil isteachÍoslódáil

Conas is féidir le WhatsApp cuidiú leat fanacht i dteagmháil le daoine eile le linn phaindéim an choróinvíris (COVID-19)

Oibrithe Sláinte

Fad agus atá éiginnteacht agus uaigneas méadaithe orainn, is féidir fanacht i dteagmháil le hothair agus comhghleacaithe ar WhatsApp—an uirlis chéanna atá in úsáid acu le fanacht i dteagmháil lena gcairde agus muintir.

Bí freagrach a fhad agus atá tú ag baint feidhm as WhatsApp chun dul i dteagmháil le do chuid custaiméirí. Ná déan cumarsáid ach le húsáideoirí a bhfuil aithne agat orthu nó atá sásta teachtaireachtaí a fháil uait, iarr ar chustaiméirí d'uimhir ghutháin a shábháil ina leabhar seoltaí, agus ná seol teachtaireachtaí uathoibrithe nó promóisin chuig grúpaí. Má theipeann ort na dea-chleachtais shimplí seo a leanúint, b'fhéidir go bhfaighidh tú gearáin ó úsáideoirí eile nó fiú go gcuirfear bac ar do chuntas.

Chun ceisteanna iomadúla a bhainistiú, eolas úsáideach amhail uaireanta oscailte a thaispeáint agus freagraí a úsáidtear go rialta a stóráil, molaimid aip WhatsApp Business a úsáid, a bhfuiltear in ann í a íoslódáil saor in aisce. Cliceáil anseo chun breathnú ar threoir céim ar chéim faoi conas is féidir feidhm a bhaint as aip WhatsApp Business. Más gá duit do chuntas a bhogadh ó WhatsApp Messenger go aip WhatsApp Business, cliceáil anseo.

Íoslódáil an aip le haghaidh do ghuthán

ANDROIDIPHONE

Bí i dteagmháil le do chuid othar

Mura bhfuil uimhreacha gutháin othar agat cheana féin, cruthaigh nasc gearr a mbeidh na hothair in ann é a úsáid le comhrá príobháideach WhatsApp a thosú leat. Comhroinn an nasc trí ríomhphoist, ar do leathanaigh Facebook, nó ar aon bhealach neamhphoiblí eile.

Cuir moltaí cabhracha i láthair

D'fhéadfá teachtaireachtaí fáilte oiriúnaithe a shocrú sa chaoi go bhfaigheann othair faisnéis agus acmhainní láithreach nuair a thagann siad do do lorg.

Comhroinn faisnéis chruinn thráthúil

Úsáid liosta craolta leis an teachtaireacht phríobháideach chéanna a sheoladh chuig teagmhálaithe iomadúla ag aon am amháin. Ní bhfaighidh ach teagmhálaithe a bhfuil d'uimhir stóráilte ina leabhar seoltaí féin acu do theachtaireachtaí craolacháin.

Óstáil comhdhálacha ó chian

Bain feidhm as físghlaonna agus guthghlaonna criptithe chun teagmháil a dhéanamh le hothair nó le comhghleacaithe a d'fhéadfadh sé a bheith deacair teagmháil a dhéanamh leo go pearsanta.*

Tabhair freagra sciobtha ar cheisteanna coitianta

Sábháil agus athúsáid teachtaireachtaí a sheolann tú go minic chun freagra sciobtha a thabhairt ar cheisteanna a bhíonn ag othair.

Cuir do phobal ar an eolas

Trí stádas a úsáid, is féidir téacs, grianghraif agus físeán a fhoilsiú mar nuashonruithe. Comhroinn dea-chleachtais sláinteachais agus bealaí eile chun scaipeadh an víris a mhoilliú.

Comhroinn uaireanta reatha gnó

Bí cinnte go bhfuil a fhios ag d'othair cén uair atá tú ar fáil, go háirithe agus d'uaireanta oscailte athraithe agat chun freastal ar do riachtanais áitiúla reatha.

Cuir in iúl do dhaoine cathain a bhfaighfidh siad freagra

Le linn an ama ghnóthaigh seo, cuir othair ar an eolas faoin uair a bhfaighidh siad freagra uait trí theachtaireacht go bhfuil tú ar shiúl uathoibríoch a úsáid.

Bí i dteagmháil le d'fhoireann cúraim sláinte

Bain feidhm as grúpaí agus as físghlaonna grúpa chun na scéalta is déanaí maidir léis an ráig a chomhroinnt.

*Tá gach úsáideoir WhatsApp freagrach as a dhearbhú go gcloíonn aon úsáid a bhaintear as WhatsApp leis na dlíthe cuí, cosaint sonraí sláinte agus dlíthe slándála san áireamh. Ní chuireann WhatsApp seirbhísí sláinte ar fáil, agus ní cheadaítear duit a thabhairt le fios go bhfuil WhatsApp cleamhnaithe le do chleachtas sláinte. Níor chóir WhatsApp a úsáid in ionad aon chomhairliúchán sláinte duine le duine le hothair ná chun cóir leighis a chur ar fhadhbanna sláinte a bhfuil cóir leighis láithreach ag teastáil uathu, agus níor chóir é a úsáid mar fhearas sláinte rialaithe.

Má bhíonn aon cheist agat faoi Mhol Faisnéise WhatsApp maidir leis an gCoróinvíreas, déan teagmháil linn.

Íoslódáil
Príomhlógó WhatsApp
Príomhlógó WhatsApp
Íoslódáil
An rud a dhéanaimid
GnéitheBlagSlándáilDo Ghnólachtaí
Cé muid
Maidir linnGairmeachaLárionad BrandaíPríobháideachas
Úsáid WhatsApp
AndroidiPhoneMac/Ríomhaire pearsantaWhatsApp ar an nGréasán
An bhfuil cabhair uait?
Déan teagmháil linnIonad CabhrachÍoslódáilComhairleoirí Slándála
Íoslódáil

2025 © WhatsApp LLC

Téarmaí & Polasaí Príobháideachais
Mapa suímh