Roghnaigh do theanga
  • azərbaycan
  • Afrikaans
  • Bahasa Indonesia
  • Melayu
  • català
  • čeština
  • dansk
  • Deutsch
  • eesti
  • English
  • español
  • français
  • Gaeilge
  • hrvatski
  • italiano
  • Kiswahili
  • latviešu
  • lietuvių
  • magyar
  • Nederlands
  • norsk bokmål
  • o‘zbek
  • Filipino
  • polski
  • Português (Brasil)
  • Português (Portugal)
  • română
  • shqip
  • slovenčina
  • slovenščina
  • suomi
  • svenska
  • Tiếng Việt
  • Türkçe
  • Ελληνικά
  • български
  • қазақ тілі
  • македонски
  • русский
  • српски
  • українська
  • עברית
  • العربية
  • فارسی
  • اردو
  • বাংলা
  • हिन्दी
  • ગુજરાતી
  • ಕನ್ನಡ
  • मराठी
  • ਪੰਜਾਬੀ
  • தமிழ்
  • తెలుగు
  • മലയാളം
  • ไทย
  • 简体中文
  • 繁體中文
  • 日本語
  • 한국어
  • WhatsApp ar an nGréasán
  • Gnéithe
  • Íoslódáil
  • Slándáil
  • Ceisteanna Coitianta
  • Íoslódáil
  • Gnéithe
  • Slándáil
  • Ceisteanna Coitianta
  • Déan teagmháil linn

Slándáil WhatsApp

Tá príobháideachas agus slándáil de dhlúth agus d’inneach ionainn

Ón gcéad lá riamh, thógamar WhatsApp chun cabhrú leat fanacht i dteagmháil le do chairde, chun eolas ríthábhachtach a chomhroinnt nuair a tharlaíonn tubaistí nádúrtha, chun teaghlaigh a bhí scartha óna chéile a thabhairt le chéile arís, nó chun cabhrú le saol níos fearr a lorg. Déantar roinnt de na hócáidí pearsanta is tábhachtaí agat a chomhroinnt trí bhíthin WhatsApp agus sin é an fáth a bhfuil criptiú ó cheann go ceann fite fuaite san aip againn. Nuair a dhéantar do chuid teachtaireachtaí, grianghraf, físeán, teachtaireachtaí béil, doiciméad agus glaonna a chriptiú ó cheann go ceann, bíonn siad slán agus ní ligtear do dhaoine míchearta seilbh a fháil orthu.

Teachtaireachtaí Pearsanta

Baintear feidhm as an gcriptiú ó cheann go ceann atá ar WhatsApp nuair a dhéanann tú teachtaireacht a sheoladh chuig duine eile trí bhíthin WhatsApp Messenger. Le criptiú ó cheann go ceann, rathaítear nach féidir le haon duine ach amháin tusa agus an duine lena bhfuil tú i mbun cumarsáide na míreanna a sheoltar eadraibh a léamh nó a chloisteáil. Ní féidir le haon duine eile, fiú WhatsApp, teacht eadraibh. An fáth ná mar le criptiú ó cheann go ceann, déantar do chuid teachtaireachtaí a dhaingniú go slán le glas agus níl an eochair faoi leith atá dhíth chun iad a léamh ag aon duine ach amháin tú féin agus an faighteoir. Tarlaíonn sé sin go léir go huathoibríoch: ní gá duit socruithe a chur ar siúl ná comhráite rúnda a shocrú chun do chuid teachtaireachtaí a dhéanamh slán.

Teachtaireachtaí Gnó

Déantar gach teachtaireacht ar WhatsApp a chosaint leis an bprótacal criptiúcháin Signal. Is é sin an córas céanna a dhaingníonn teachtaireachtaí sula bhfágann siad do ghléas. Nuair a sheolann tú teachtaireacht chuig cuntas gnó WhatsApp, déantar do theachtaireacht a sheachadadh go slán chuig an gceann scríbe arna roghnú ag an ngnólacht.

Dar le WhatsApp, bíonn comhráite le gnólachtaí a bhaineann feidhm as aip WhatsApp Business nó a bhainistíonn agus a stórálann teachtaireachtaí ó chustaiméirí iad féin criptithe ó cheann go ceann. A luaithe is a fhaightear an teachtaireacht, beidh sí faoi réir na gcleachtas príobháideachais atá ag an ngnólacht é féin. D'fhéadfadh an gnólacht roinnt fostaithe, nó fiú díoltóirí eile, a ainmniú chun an teachtaireacht a phróiseáil agus a fhreagairt.

Beidh roinnt gnólachtaí1 in ann máthairchuideachta WhatsApp, is í sin Facebook, a roghnú chun teachtaireachtaí a stóráil go daingean agus chun custaiméirí a fhreagairt. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an ngnólacht sin i gcónaí chun tuilleadh eolais a chur ar a chleachtais phríobháideachais.

Íocaíochtaí

Le híocaíochtaí ar WhatsApp, atá ar fáil i roinnt tíortha, cumasaítear aistriú airgid idir chuntais i bhforais airgeadais. Déantar uimhreacha cárta agus bainc a stóráil faoi chriptiú i líonra atá daingnithe go tréan. Mar sin féin, ós rud é nach féidir le forais airgeadais idirbhearta a phróiseáil gan faisnéis maidir leis na híocaíochtaí sin a fháil, níl na híocaíochtaí sin criptithe ó cheann go ceann.

Tá tusa i gceannas

Is mian le WhatsApp deimhin a dhéanamh de go bhfuil a fhios agat cad é a tharlaíonn le do chuid teachtaireachtaí. Mura mian leat teachtaireachtaí a fháil ó dhuine éigin nó ó ghnólacht, is féidir bac a chur orthu go díreach i gcomhrá nó is féidir iad a scriosadh ó do liosta teagmhálaithe. Is mian linn deimhin a dhéanamh de go dtuigeann tú conas a dhéantar do chuid teachtaireachtaí a láimhseáil agus go mbeadh na roghanna agat chun na cinntí cearta duitse a dhéanamh.

Labhair go hIonraic
Ligeann Glaonna WhatsApp duit labhairt go príobháideach le do chairde agus le do mhuintir, fiú má tá siad i dtír eile.
Teachtaireachtaí a Fhanann i do Sheilbh
Tar éis dóibh a bheith seachadta, déantar teachtaireachtaí atá criptithe ó cheann go ceann a stóráil ar do ghléas seachas ar fhreastalaithe WhatsApp.
Féach tú féin é
Le WhatsApp, is féidir leat seiceáil an bhfuil na glaonna a dhéanann tú agus na teachtaireachtaí a sheolann tú criptithe ó cheann go ceann. Ní gá ach féachaint ar an táscaire sa chomhrá féin nó san fhaisnéis faoin teagmhálaí nó faoin ngnólacht.
Faigh na Mionsonraí

Léigh cur síos mionsonraithe teicniúil ar an gcriptiú ó cheann go ceann atá ag WhatsApp, arna fhorbairt i gcomhar le Open Whisper Systems.

Féach na Treoracha Slándála i gcomhair nuashonruithe slándála a chuirtear ar fáil go rialta.

1 In 2021.

WhatsApp

  • Gnéithe
  • Slándáil
  • Íoslódáil
  • WhatsApp ar an nGréasán
  • Gnó
  • Príobh.

Comhlacht

  • Maidir le
  • Gairmeacha
  • Lárionad an Bhranda
  • Déan teagmháil linn
  • Blag
  • Scéalta WhatsApp

Íoslódáil

  • Mac/PC
  • Android
  • iPhone

Cabhair

  • Ceisteanna Coitianta
  • Twitter
  • Facebook
  • Coróinvíreas
2021 © WhatsApp Inc.
Príobháideachas ⁊ Téarmaí