Príomhleathanach WhatsAppPríomhleathanach WhatsAppSlándáil WhatsApp
WHATSAPP AR AN nGRÉASÁN
GNÉITHE
íOSLÓDÁIL
SLÁNDÁIL
AN LÁRIONAD CABHRACH

Roghnaigh do theanga

  • azərbaycan

  • Afrikaans

  • Bahasa Indonesia

  • Melayu

  • català

  • čeština

  • dansk

  • Deutsch

  • eesti

  • English

  • español

  • français

  • Gaeilge

  • hrvatski

  • italiano

  • Kiswahili

  • latviešu

  • lietuvių

  • magyar

  • Nederlands

  • norsk bokmål

  • o‘zbek

  • Filipino

  • polski

  • Português (Brasil)

  • Português (Portugal)

  • română

  • shqip

  • slovenčina

  • slovenščina

  • suomi

  • svenska

  • Tiếng Việt

  • Türkçe

  • Ελληνικά

  • български

  • қазақ тілі

  • македонски

  • русский

  • српски

  • українська

  • עברית

  • العربية

  • فارسی

  • اردو

  • বাংলা

  • हिन्दी

  • ગુજરાતી

  • ಕನ್ನಡ

  • मराठी

  • ਪੰਜਾਬੀ

  • தமிழ்

  • తెలుగు

  • മലയാളം

  • ไทย

  • 简体中文

  • 繁體中文(台灣)

  • 繁體中文(香港)

  • 日本語

  • 한국어

  • Íoslódáil

  • Gnéithe

  • Slándáil

  • An Lárionad Cabhrach

  • Déan teagmháil linn

Slándáil WhatsApp

Tá príobháideachas agus slándáil de dhlúth agus d’inneach ionainn

Go díreach ón gcéad lá, thógamar WhatsApp chun cabhrú leat fanacht i dteagmháil le do chairde, chun eolas ríthábhachtach a chomhroinnt i rith tubaistí nádúrtha, chun teaghlaigh a bhí scartha óna chéile a thabhairt le chéile arís, nó chun saol níos fearr a shaothrú. Déantar roinnt de na hócáidí is pearsanta i do shaol a chomhroinnt trí WhatsApp agus is ar an gcúis sin a bhfuil criptiú ó cheann go ceann fite fuaite san aip againn. Nuair a dhéantar do chuid teachtaireachtaí, grianghraf, físeán, teachtaireachtaí béil, doiciméad agus glaonna a chriptiú ó cheann go ceann, bíonn siad slán agus ní ligtear do dhaoine nár cheart seilbh a fháil orthu déanamh amhlaidh.

Teachtaireachtaí Pearsanta

Baintear feidhm as an gcriptiú ó cheann go ceann atá ar WhatsApp nuair a dhéanann tú teachtaireacht a sheoladh chuig duine eile trí bhíthin WhatsApp Messenger. Le criptiú ó cheann go ceann, ráthaítear nach féidir le haon duine ach amháin tusa agus an duine lena bhfuil tú i mbun cumarsáide na míreanna a sheoltar eadraibh a léamh nó a chloisteáil. Ní féidir le haon duine eile, fiú WhatsApp, teacht eadraibh. An fáth ná mar le criptiú ó cheann go ceann, déantar do chuid teachtaireachtaí a dhaingniú go slán le glas agus níl an eochair faoi leith atá dhíth chun iad a léamh ag aon duine ach amháin tú féin agus an faighteoir. Tarlaíonn sé sin go léir go huathoibríoch: ní gá duit socruithe a chur ar siúl ná comhráite rúnda a shocrú chun do chuid teachtaireachtaí a choinneáil slán.

Teachtaireachtaí Gnó

Déantar gach teachtaireacht ar WhatsApp a chosaint leis an bprótacal criptiúcháin Signal. Is é sin an córas céanna a dhaingníonn teachtaireachtaí sula bhfágann siad do ghléas. Nuair a sheolann tú teachtaireacht chuig cuntas gnó WhatsApp, déantar do theachtaireacht a sheachadadh go slán chuig an gceann scríbe arna roghnú ag an ngnólacht.

Dar le WhatsApp, bíonn comhráite le gnólachtaí a bhaineann feidhm as aip WhatsApp Business nó a bhainistíonn agus a stórálann teachtaireachtaí ó chustaiméirí iad féin criptithe ó cheann go ceann. A luaithe is a fhaightear an teachtaireacht, beidh sí faoi réir na gcleachtas príobháideachais atá ag an ngnólacht é féin. D'fhéadfadh an gnólacht roinnt fostaithe, nó fiú díoltóirí eile, a ainmniú chun an teachtaireacht a phróiseáil agus a fhreagairt.

Beidh roinnt gnólachtaí1 in ann máthairchuideachta WhatsApp, is é sin Meta, a roghnú chun teachtaireachtaí a stóráil go daingean agus chun freagairt ar chustaiméirí. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an ngnólacht sin i gcónaí chun tuilleadh eolais a fháil ar a chleachtais phríobháideachais.

Íocaíochtaí

Le híocaíochtaí ar WhatsApp, atá ar fáil i roinnt tíortha, cumasaítear aistriú airgid idir cuntais i bhforais airgeadais. Déantar uimhreacha cárta agus bainc a stóráil faoi chriptiú i líonra atá daingnithe go tréan. Mar sin féin, ós rud é nach féidir le forais airgeadais idirbhearta a phróiseáil gan faisnéis maidir leis na híocaíochtaí sin a fháil, níl na híocaíochtaí sin criptithe ó cheann go ceann.

Is tusa atá i gceannas

Is mian le WhatsApp deimhin a dhéanamh de go bhfuil tú ar an eolas faoina dtarlaíonn le do chuid teachtaireachtaí. Mura mian leat teachtaireachtaí a fháil ó dhuine éigin nó ó ghnólacht, is féidir bac a chur orthu go díreach i gcomhrá nó is féidir iad a scriosadh ó do liosta teagmhálaithe. Is mian linn deimhin a dhéanamh de go dtuigeann tú conas a dhéantar do chuid teachtaireachtaí a láimhseáil agus go mbeadh na roghanna agat chun na cinntí atá ceart duitse a dhéanamh.

Abair Leat Go Neamhbhalbh

Le Glaonna WhatsApp, is féidir leat labhairt go príobháideach le do chairde agus le do mhuintir, fiú más i dtír eile atá siad.

Teachtaireachtaí a Fhanfaidh Leat

Tar éis dóibh a bheith seachadta, déantar teachtaireachtaí atá criptithe ó cheann go ceann a stóráil ar do ghléas seachas ar fhreastalaithe WhatsApp.


Féach Air le do Shúile Cinn

Le WhatsApp, is féidir leat seiceáil an bhfuil na glaonna a dhéanann tú agus na teachtaireachtaí a sheolann tú criptithe ó cheann go ceann. Ní gá ach féachaint ar an táscaire sa chomhrá féin nó san fhaisnéis faoin teagmhálaí nó faoin ngnólacht.

Bíodh na Mionsonraí Agat

Léigh mionchur síos ar an gcriptiú ó cheann go ceann atá ag WhatsApp, a forbraíodh i gcomhar le Open Whisper Systems.

Féach na Treoracha Slándála i gcomhair nuashonruithe slándála a chuirtear ar fáil go rialta.

1 In 2021.

WHATSAPP

Gnéithe

Slándáil

Íoslódáil

WhatsApp ar an nGréasán

Gnó

Príobh.

CUIDEACHTA

Maidir le

Gairmeacha

Lárionad an Bhranda

Déan teagmháil linn

Blag

Scéalta WhatsApp

ÍOSLÓDÁIL

Mac/PC

Android

iPhone

CABHAIR

An Lárionad Cabhrach

Twitter

Facebook

Coróinvíreas

2022 © WhatsApp LLC

Príobháideachas ⁊ Téarmaí