Ón gcéad lá riamh, thógamar WhatsApp chun cabhrú leat fanacht i dteagmháil le do chairde, chun eolas ríthábhachtach a chomhroinnt nuair a tharlaíonn tubaistí nádúrtha, chun teaghlaigh a bhí scartha óna chéile a thabhairt le chéile arís, nó chun cabhrú le saol níos fearr a lorg. Déantar roinnt de na hócáidí pearsanta is tábhachtaí agat a chomhroinnt trí bhíthin WhatsApp agus sin é an fáth a bhfuil criptiú ó cheann go ceann fite fuaite san aip againn. Nuair a dhéantar do chuid teachtaireachtaí, grianghraf, físeán, teachtaireachtaí béil, doiciméad agus glaonna a chriptiú ó cheann go ceann, bíonn siad slán agus ní ligtear do dhaoine míchearta seilbh a fháil orthu.
Baintear feidhm as an gcriptiú ó cheann go ceann atá ar WhatsApp nuair a dhéanann tú teachtaireacht a sheoladh chuig duine eile trí bhíthin WhatsApp Messenger. Le criptiú ó cheann go ceann, rathaítear nach féidir le haon duine ach amháin tusa agus an duine lena bhfuil tú i mbun cumarsáide na míreanna a sheoltar eadraibh a léamh nó a chloisteáil. Ní féidir le haon duine eile, fiú WhatsApp, teacht eadraibh. An fáth ná mar le criptiú ó cheann go ceann, déantar do chuid teachtaireachtaí a dhaingniú go slán le glas agus níl an eochair faoi leith atá dhíth chun iad a léamh ag aon duine ach amháin tú féin agus an faighteoir. Tarlaíonn sé sin go léir go huathoibríoch: ní gá duit socruithe a chur ar siúl ná comhráite rúnda a shocrú chun do chuid teachtaireachtaí a dhéanamh slán.
Déantar gach teachtaireacht ar WhatsApp a chosaint leis an bprótacal criptiúcháin Signal. Is é sin an córas céanna a dhaingníonn teachtaireachtaí sula bhfágann siad do ghléas. Nuair a sheolann tú teachtaireacht chuig cuntas gnó WhatsApp, déantar do theachtaireacht a sheachadadh go slán chuig an gceann scríbe arna roghnú ag an ngnólacht.
Dar le WhatsApp, bíonn comhráite le gnólachtaí a bhaineann feidhm as aip WhatsApp Business nó a bhainistíonn agus a stórálann teachtaireachtaí ó chustaiméirí iad féin criptithe ó cheann go ceann. A luaithe is a fhaightear an teachtaireacht, beidh sí faoi réir na gcleachtas príobháideachais atá ag an ngnólacht é féin. D'fhéadfadh an gnólacht roinnt fostaithe, nó fiú díoltóirí eile, a ainmniú chun an teachtaireacht a phróiseáil agus a fhreagairt.
Beidh roinnt gnólachtaí1 in ann máthairchuideachta WhatsApp, is í sin Facebook, a roghnú chun teachtaireachtaí a stóráil go daingean agus chun custaiméirí a fhreagairt. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an ngnólacht sin i gcónaí chun tuilleadh eolais a chur ar a chleachtais phríobháideachais.
Le híocaíochtaí ar WhatsApp, atá ar fáil i roinnt tíortha, cumasaítear aistriú airgid idir chuntais i bhforais airgeadais. Déantar uimhreacha cárta agus bainc a stóráil faoi chriptiú i líonra atá daingnithe go tréan. Mar sin féin, ós rud é nach féidir le forais airgeadais idirbhearta a phróiseáil gan faisnéis maidir leis na híocaíochtaí sin a fháil, níl na híocaíochtaí sin criptithe ó cheann go ceann.
Is mian le WhatsApp deimhin a dhéanamh de go bhfuil a fhios agat cad é a tharlaíonn le do chuid teachtaireachtaí. Mura mian leat teachtaireachtaí a fháil ó dhuine éigin nó ó ghnólacht, is féidir bac a chur orthu go díreach i gcomhrá nó is féidir iad a scriosadh ó do liosta teagmhálaithe. Is mian linn deimhin a dhéanamh de go dtuigeann tú conas a dhéantar do chuid teachtaireachtaí a láimhseáil agus go mbeadh na roghanna agat chun na cinntí cearta duitse a dhéanamh.
Léigh cur síos mionsonraithe teicniúil ar an gcriptiú ó cheann go ceann atá ag WhatsApp, arna fhorbairt i gcomhar le Open Whisper Systems.
Féach na Treoracha Slándála i gcomhair nuashonruithe slándála a chuirtear ar fáil go rialta.
1 In 2021.