Seol teachtaireachtaí chuig do chairde agus do theaghlach saor in aisce*. Úsáideann WhatsApp nasc Idirlín do ghutháin chun teachtaireachtaí a sheoladh ionas gur féidir leat táillí SMS a sheachaint
.
Fan i dteagmháil leis na grúpaí daoine is tábhachtaí duit, ar nós do theaghlach nó do chomhghleacaithe. Le comhráite grúpa, is féidir leat teachtaireachtaí, grianghraif agus físeáin a chomhroinnt le suas le 256 duine ag an aon uair amháin. Is féidir leat ainm a thabhairt ar do ghrúpa, fógraí a bhalbhú nó iad a chur in oiriúint, agus níos mó.
Le WhatsApp ar an ngréasán agus deasc WhatsApp, is féidir leat gach ceann de do chomhráite a shioncronú gan stró le do ríomhaire ionas gur féidir leat leanúint den chomhrá ar cibé gléas is áisiúla duit. íoslódáil an aip deisce nó tabhair cuairt ar web.whatsapp.com chun tús a chur leis
Le guthghlaonna, is féidir leat labhairt le do chairde agus do theaghlach saor in aisce*, fiú má tá siad i dtír eile. Agus le físghlaonna saor in aisce*, is féidir leat comhráite aghaidh ar aghaidh a dhéanamh nuair nach leor guth nó téacs. Úsáideann guthghlaonna agus físghlaonna WhatsApp ceangal Idirlín do ghutháin, in ionad nóiméid ghutha phlean do ghutháin, ionas nach gá duit a bheith buartha faoi tháillí daora glao.
Déantar roinnt de na hócáidí pearsanta is tábhachtaí agat a chomhroinnt ar WhatsApp agus sin é an fáth a bhfuil criptiú ó cheann go ceann fite fuaite sna leaganacha is déanaí den aip againn. Agus iad criptithe ó cheann go ceann, tá do theachtaireachtaí agus do ghlaonna coiscthe ionas nach féidir le haon duine ach amháin tusa agus an duine lena bhfuil tú i mbun cumarsáide iad a léamh nó éisteacht leo. Ní féidir le haon duine eile, fiú WhatsApp, teacht eadraibh.
Seol grianghraif agus físeáin ar WhatsApp láithreach bonn. Is féidir leat na hócáidí atá tábhchtach duit a ghabháil leis an gceamara ionsuite fiú. Le WhatsApp, seoltar grianghraif agus físeáin go tapa fiú má bhíonn do cheangal mall.
Uaireanta, is leor do ghuth. Le cnag amháin, is féidir leat Teachtaireacht Bhéil a thaifeadadh, foirfe do bheannacht thapa nó paidir chapaill de scéal.
Seol PDFanna, doiciméid, scarbhileoga, taispeántais sleamhnán agus eile, gan an dua a bhaineann le ríomhphost nó aipeanna comhroinnte comhad. Is féidir leat doiciméid suas le 100 MB a sheoladh, mar sin is éasca rudaí a sheoladh chuig an duine is mian leat.