Teachtaireachtaí Téacs
Teachtaireachtaí Simplí, Ar Féidir Brath Orthu
Cuir teachtaireachtaí chuig do chairde agus do mhuintir saor in aisce*. Baineann WhatsApp úsáid as an gceangal idirlín ar do ghuthán chun teachtaireachtaí a sheoladh ionas gur féidir leat costais SMS a sheachaint.
Grúpchomhrá
Grúpaí ar mhaithe le coinneáil i dteagmháil
Coinnigh i dteagmháil leis na grúpaí daoine is tábhachtaí ar fad, do mhuintir agus do chuid comhoibrithe, cuir i gcás. Le grúpchomhráite is féidir teachtaireachtaí, pictiúir, agus físeáin a roinnt le grúpaí ina bhfuil suas le 256 duine. Is féidir ainm a chur ar an ngrúpa, an grúpa a bhalbhú agus na fógraí a shaincheapadh. É sin ar fad agus tuilleadh.
WhatsApp ar an nGréasán agus ar an Deasc
Coinnigh an comhrá ar siúl
Agus WhatsApp ar an ngréasán agus ar an deasc, is féidir leat do chuid comhráite ar fad a shioncronú le do ríomhaire ionas gur féidir leat bheith i mbun comhrá ar cibé gaireas is oiriúnaí duit. Íoslódáil an aip deisce nó téigh go dtí web.whatsapp.com chun tús a chur leis.
Guthghlaonna agus Físghlaonna WhatsApp
Cead Cainte
Le guthghlaonna, is féidir leat labhairt le do chuid cairde agus do mhuintir saor in aisce*, fiú má tá tú thar lear. Agus le físghlaonna saor in aisce*, is féidir comhráite aghaidh ar aghaidh a bheith agat nuair nach leor glór nó téacs leo féin. Baineann guthghlaonna agus físghlaonna ar WhatsApp feidhm as ceangal idirlín do ghutháin, seachas nóiméid ó phlean do sholáthróra. Mar sin ní gá duit bheith buartha mar gheall ar chostais mhóra le haghaidh glaonna.
Criptiú ó cheann go ceann
Slándáil de réir Réamhshocraithe
Roinntear cuid de na rudaí is príobháidí ar fad ó do shaol ar WhatsApp. Sin an fáth ar chuireamar criptiú ó cheann go ceann sna leaganacha is déanaí den aip. Agus an criptiú seo i bhfeidhm, is féidir leat bheith cinnte go bhfuil do chuid teachtaireachtaí agus glaonna slán sábháilte agus nach féidir le duine ar bith eile iad a léamh nó éisteacht leo. Ní féidir le WhatsApp féin é sin a dhéanamh fiú.
Grianghraif agus Físeáin
Comhroinn na hImeachtaí a bhfuil Tábhacht Leo
Seol grianghraif agus físeáin ar an toirt ar WhatsApp. Is féidir fiú na heachtraí is tábhachtaí duitse a ghabháil le ceamara ionsuite. Le WhatsApp, seoltar grianghraif agus físeáin fiú má tá nasc mall ann.
Teachtaireachtaí Béil
Abair Leat
Uaireanta, is fearr do ghlór féin chun scéal a insint. Le cnag amháin is féidir Teachtaireacht Bhéil a thaifeadadh, oireann sé más mian leat 'Hóra' a rá nó scéal níos faide a insint fiú.
Cáipéisí
Comhroinnt Cáipéisí Gan Stró
Seol PDFanna, cáipéisí, scarbhileoga, taispeántais sleamhnán agus tuilleadh, gan feidhm a bhaint as teachtaireachtaí ríomhphoist nó aipeanna comhroinnte comhad. Is féidir doiciméid suas le 100 MB a sheoladh. Is furasta an rud an comhad tábhachtach sin a chur chuig an duine ceart go tapa.