Téigh ar aghaidh chuig an ábhar
  • Baile
    • Seol teachtaireacht go príobháideachFan nascthaCruthaigh pobalCuir thú féin in iúlWhatsapp do ghnó
  • Príobháideachas
  • Ionad Cabhrach
  • Blag
Íoslódáil
Téarmaí Seirbhíse2023 © WhatsApp LLC
Príomhleathanach WhatsAppPríomhleathanach WhatsApp
    • Seol Teachtaireacht go Príobháideach

      Criptiú ó cheann go ceann agus rialúcháin maidir le príobháideachas.

    • Fan nasctha

      Déan teagmháil le custaiméirí ar fud an domhain.

    • Cruthaigh pobal

      Comhráite grúpa simplí

    • Cuir thú féin in iúl

      Úsáid greamáin, teachtaireachtaí béil, GIFanna agus tuilleadh chun tú féin a chur in iúl.

    • WhatsApp business

      Déan teagmháil le do chustaiméirí ó áit ar bith.

  • Príobháideachas
  • Ionad Cabhrach
  • Blag
WhatsApp ar an nGréasánÍoslódáil

Conas tosú ar aip WhatsApp Business

Íoslódáil agus cumraigh aip WhatsApp Business

1. Íoslódáil agus oscail aip WhatsApp Business: Is féidir aip WhatsApp Business a íoslódáil saor in aisce ó Google Play Store agus ó Apple App Store. Cnag ar dheilbhín WhatsApp Business ar do scáileán baile.

2. Athbhreithnigh na Téarmaí Seirbhíse: Léigh Téarmaí Seirbhíse WhatsApp Business, ansin tapáil Aontaím agus Lean Ar Aghaidh chun glacadh leis na téarmaí.

3. Cláraigh: Roghnaigh do thír ón liosta anuas chun do chód tíre a chur leis, agus ansin cuir isteach d'uimhir ghutháin i bhformáid uimhir gutháin idirnáisiúnta. Cnag ar Déanta nó Ar aghaidh, agus ansin cnag ar CGL chun do chód clárúcháin 6 dhigit a fháil trí theachtaireacht SMS nó glao gutháin. Chun an clárúchán a chríochnú, cuir isteach do chód 6 dhigit. Foghlaim conas d'uimhir ghutháin a chlárú san alt seo.

4. Ceadaigh rochtain ar do chuid teagmhálaithe agus grianghraf: Is féidir teagmhálaithe a chur le haip WhatsApp Business ó leabhar seoltaí do ghutháin. Is féidir leat rochtain ar na grianghraif, na físeáin agus na comhaid ar do ghuthán a cheadú freisin.

5. Cruthaigh cuntas: Líon isteach d'ainm gnó, roghnaigh catagóir ghnó agus roghnaigh pictiúr próifíle.

6. Tógáil ar do phróifíl ghnó: Cnag ar BREATHNAIGH AR > Próifíl ghnó. Is féidir leat anseo faisnéis thábhachtach ghnó a chur léi, amhail d'ainm gnó, cur síos, uaireanta gnó agus tuilleadh.

7. Tosaigh comhrá. Tá do phróifíl ghnó socraithe anois. Cnag ar nó , ansin cuardaigh nó roghnaigh teagmhálaí chun teachtaireacht a sheoladh chuige nó chuici. Cuir isteach teachtaireacht sa réimse téacs. Ansin, cnag ar nó .

Breathnaigh ar Uirlisí WhatsApp Business

Tá uirlisí éagsúla ag aip WhatsApp Business chun cuidiú leat do ghnólacht a rith go héifeachtúil. Chun breathnú ar na huirlisí sin, téigh chuig scáileán do chuid comhráite. Tapáil Tuilleadh Roghannaar Android nó Socruithe ar iPhone. Ansin, tapáil Uirlisí gnó.

  • Catalóg: Cuir do chuid táirgí agus seirbhísí i láthair agus comhroinn iad laistigh de do chuntas gnó. Foghaim faoi conas catalóg a chruthú ar Android nó >iPhone.
  • Nasc gearr: Cinntigh go bhfuil sé éasca do do chustaiméirí nua dul i dteagmháil leat. Comhroinn an nasc gearr a cruthaíodh go huathoibríoch le custaiméirí nua chun é a chur ar a gcumas teachtaireachtaí a sheoladh chuig do ghnólacht. Foghlaim conas feidhm a bhaint as naisc ghearra ar Android nó iPhone.
  • Uirlisí teachtaireachta: Bain feidhm as teimpléid teachtaireachta WhatsApp chun príomhchomhráite a chruthú roimh ré. Cruthaigh teachtaireachtaí uathoibríocha fáilte chun caidreamh a bhunú le custaiméirí nua. Socraigh teachtaireachtaí go bhfuil tú ar shiúl chun a chur in iúl do chustaiméirí nuair a bheidh tú ar ais, nó cruthaigh freagraí gasta chun ceisteanna coitianta a fhreagairt. Chun tuilleadh eolais a chur ar uirlisí teachtaireachta, léigh na hailt seo a leanas:
    • Conas teachtaireachtaí fáilte a úsáid ar Android nó iPhone
    • Conas feidhm a bhaint as teachtaireachtaí go bhfuil tú ar shiúl ar Android nó iPhone
    • Conas freagraí gasta a úsáid ar Android nó iPhone
  • Lipéid: Déan do chuid comhráite le custaiméirí a aicmiú i gcatagóirí úsáideacha, amhail “Custaiméirí nua” nó “Orduithe ar feitheamh”. Foghlaim conas feidhm a bhaint as lipéid ar Android nó Phone.
Íoslódáil
Príomhlógó WhatsApp
Príomhlógó WhatsAppÍoslódáil
An rud a dhéanaimidGnéitheBlagScéaltaDo Ghnóthais
Cé muidMaidir linnGairmeachaLárionad BrandaíPríobháideachas
Úsáid WhatsAppAndroidiPhoneMac/Ríomhaire pearsantaWhatsApp ar an nGréasán
Cabhair ag teastáil uait?Déan teagmháil linnIonad CabhrachCoróinvíreasComhairleoirí Slándála
Íoslódáil

2023 © WhatsApp LLC

Téarmaí Seirbhíse