Téigh ar aghaidh chuig an ábhar
  • Baile
    • Seol teachtaireachtaí go príobháideachFan nascthaCeangail i ngrúpaíCuir thú féin in iúlWhatsApp for Business
  • Príobháideachas
  • Ionad Cabhrach
  • Blag
  • For Business
  • Íoslódáil
Íoslódáil
Téarmaí & Polasaí Príobháideachais2025 © WhatsApp LLC
Príomhleathanach WhatsAppPríomhleathanach WhatsApp
    • Seol teachtaireachtaí go príobháideach

      Criptiú ó cheann go ceann agus rialtáin phríobháideachas.

    • Fan nasctha

      Cuir teachtaireachtaí agus glaonna saor in aisce* ar fud an domhain.

    • Ceangail i ngrúpaí

      Teachtaireachtaí grúpa déanta éasca.

    • Cuir thú féin in iúl

      Úsáid greamáin, teachtaireachtaí béil, GIFanna agus tuilleadh chun tú féin a chur in iúl.

    • WhatsApp Business

      Déan teagmháil le do chustaiméirí ó áit ar bith.

  • Príobháideachas
  • Lárionad Cabhrach
  • Blag
  • Do Ghnólachtaí
  • Aipeanna
Logáil isteachÍoslódáil

Scéalta ó Chustaiméirí

Tá do ghnólacht taobh leis na gnólachtaí eile ar fud an domhain a bhfuil WhatsApp in úsáid acu. Tosaigh ar API WhatsApp.

Booking.com

"Tá sé an-tábhachtach dúinn anseo in Booking.com a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh lenár gcustaiméirí go nádúrtha tríd an gcainéil is fearr leo. Mar sin, tá scrúdú ar bun againn maidir leis an mbealach ina ndéanaimid deimhnithe áirithinte agus nuashonraithe úsáideacha eile a roinnt lenár gcustaiméirí trí WhatsApp."

― Adrienne Enggist, Stiúrthóir Táirgí, Teachtaireacht

MakeMyTrip

"Chabhraigh WhatsApp Business go mór linn teagmháil thapa éifeachtach a dhéanamh lenár gcustaiméirí. Is sampla iontach atá ann ar an gcaoi a gcruthaítear eispéiris atá dírithe ar an gcustaiméir tríd an an teicneolaíocht."

― Saujanya Shrivastava, Príomhoifigeach Margaíochta an Ghrúpa

Uber

"Is mian linn a bheith ann dár gcustaiméirí - beag beann ar an áit ina bhfuil siad, cibé an bhfuil nó nach bhfuil siad ar an mbóthar. Tá an-áthas orainn dul i gcomhpháirtíocht le WhatsApp d'fhonn bealach tapa, coitianta agus iontaofa a chur ar fáil do thiománaithe i gcathracha timpeall an domhain ionas gur féidir leo nascadh le ball dár bhfoireann agus freagraí a gceisteanna a fháil."

― Manik Gupta, Leas-Uachtarán, Ceannasaí Táirgí

Wish

"Réiteach iontach is ea API WhatsApp Business chun an raiméis a shárú agus nascadh le custaiméirí ag na huaireanta is criticiúla den phróiseas ceannacháin. Úsáideann siopadóirí Wish WhatsApp chun a gcuid orduithe a rianú agus tá na torthaí go dtí seo thar barr ar fad."

― Peter Szulczewski, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Wish

B2W

"Tagann WhatsApp lenár bhfís chun caidreamh níos dlúithe a bhunú lenár gcliaint agus lenár dtionscnamh digiteach iardhíola rannpháirtíochta. Níl anseo ach an tús agus tá sceitimíní orainn."

― Jean Lessa, Stiúrthóir Digiteach

iFood

"Is é WhatsApp an príomhardán cumarsáide sa Bhrasaíl, agus creidimid go gcabhróidh sé go mór linn anseo in iFood caidreamh níos dlúithe a bhunú lenár gcliaint."

― Felipe Pereira, Stiúrthóir Margaíochta

Singapore Airlines

"Tá áthas ar Singapore Airlines a bheith ina chéad aerlíne i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise atá ina comhpháirtí seolta d'API WhatsApp Business. A bhuí leis an tionscnamh seo, cuirfear cainéal nua cumarsáide ar fáil dár gcustaiméirí teagmháil a dhéanamh linn agus faisnéis thráthúil a fháil uainn."

― George Wang, Leas-Uachtarán Sinsearach na Teicneolaíochta Faisnéise

Melia Hotels

"Bealach nua, tapa agus éasca chun teagmháil a dhéanamh lenár gcliaint atá i gceist le API WhatsApp Business. Tagann sé lenár straitéis atá dírithe ar an gcustaiméir, rud a chuireann ar ár gcumas faisnéis úsáideach agus eispéireas agus seirbhís níos fearr a chur ar fáil dár gcustaiméirí."

― José María Dalmau, Leas-Uachtarán Forbartha Gnó Domhanda

KLM

"Cainéal nua seirbhíse is ea WhatsApp le haghaidh KLM Royal Dutch Airlines chun cumarsáid a dhéanamh lenár gcustaiméirí. Agus é roghnaithe acu, faigheann custaiméirí KLM faisnéis agus doiciméid faoi eitiltí agus faigheann siad rochtain ar thacaíocht 24/7 a chuireann an fhoireann tiomanta meán sóisialta is mó ar domhan ar fáil."

― Martine van der Lee, Stiúrthóir na Meán Sóisialta

Bank BRI

"Tá Bank BRI bródúil as SABRINA, ár gcúntóir pearsanta fíorúil ar WhatsApp, a fheidhmiú. Creidimid go bhfaighidh ár gcustaiméirí eispéireas nua iontach a bhuí le baincéireacht chomhráiteach i gcaitheamh an lae."

― Kaspar Situmorang, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin, Cúrsaí Digiteacha

absa

"Tá an dúshuim againn sa nuálaíocht, agus táimid an-bhródúil ar fad as bheith inár gcomhpháirtí le WhatsApp agus an t-ardán nuálach seo á chur ar fáil, ardán a athróidh an chaoi a ndéanann ár gcustaiméirí teagmháil linn go deo"

― Arrie Rautenbach, Príomhoifigeach na Baincéireachta Miondíola agus Gnó

Coppel

"Tá cumarsáid nuálach le custaiméirí á bunú againn buíochas leis an tseirbhís agus an aird éifeachtach a fhaightear ar WhatsApp. Táimid lánchinnte go mothóidh ár gcustaiméirí níos gaire dár mbranda agus WhatsApp á úsáid ag Coppel."

― Roberto Gil, Príomhoifigeach Claochlaithe

Sale Stock

"Bhí tionchar mór ag WhatsApp ar ár ngnólacht agus ar ár gcustaiméirí, agus tá a lán buntáistí amach romhainn fós. Is fearr i bhfad an ráta seachadta, rannpháirtíocht agus éascaíocht an chomhtháthaithe i gcomparáid le cainéil eile."

― Wahyu Saputra, Ceannasaí Táirgí, Rannóg na gCustaiméirí

WorldRemit

"Tá an-áthas ar WorldRemit a bheith ina chéad chuideachta theicneolaíocht airgeadais sa Ríocht Aontaithe le comhtháthú le API WhatsApp Business. Baineann na milliúin custaiméir de chuid WorldRemit leas as WhatsApp gach aon lá chun labhairt le daoine muinteartha ar fud an domhain agus seoladh agus glacadh airgid a phlé. Seolaimid nuashonruithe ar an bpointe chuig ár gcustaiméirí trí WhatsApp maidir lena gcuid idirbhearta, rud a fhágann go bhfuil an t-aistriú airgid níos simplí fós."

― Alice Newton-Rex, Príomhoifigeach Táirgí, WorldRemit

Íoslódáil
Príomhlógó WhatsApp
Príomhlógó WhatsApp
Íoslódáil
An rud a dhéanaimid
GnéitheBlagSlándáilDo Ghnólachtaí
Cé muid
Maidir linnGairmeachaLárionad BrandaíPríobháideachas
Úsáid WhatsApp
AndroidiPhoneMac/Ríomhaire pearsantaWhatsApp ar an nGréasán
An bhfuil cabhair uait?
Déan teagmháil linnIonad CabhrachÍoslódáilComhairleoirí Slándála
Íoslódáil

2025 © WhatsApp LLC

Téarmaí & Polasaí Príobháideachais
Mapa suímh