Is féidir WhatsApp Business a íoslódáil saor in aisce. Cruthaíodh é ar mhaithe le húinéirí gnólachtaí beaga. Leis an aip, tá sé éasca teagmháil phearsanta a dhéanamh le do chuid custaiméirí, do tháirgí agus seirbhísí a thabhairt chun suntais, agus ceisteanna ó na custaiméirí a fhreagairt agus iad ag siopadóireacht. Cruthaigh catalóg chun do tháirgí agus seirbhísí a thaispeáint don saol mór agus bain feidhm as sainuirlisí chun teachtaireachtaí a dhéanamh uathoibríoch, a shórtáil agus a fhreagairt go pras.
Is féidir le WhatsApp cabhrú freisin le gnólachtaí meánacha agus gnólachtaí beaga tacaíocht a thabhairt do chustaiméirí agus fógraí tábhachtacha a sheoladh chucu. Foghlaim tuilleadh faoi API WhatsApp Business.
Cruthaigh próifíl ghnó agus cuir faisnéis leis a bheidh cabhrach le haghaidh do chuid custaiméirí amhail do sheoladh, cur síos ar do ghnó, do sheoladh ríomhphoist, agus do shuíomh gréasáin.
Cuireann Mearfhreagraí ar do chumas teachtaireachtaí a sheolann tú go minic a shábháil agus a úsáid arís ionas go mbeidh tú in ann ceisteanna coitianta a fhreagairt go héasca agus go pras.
Eagraigh do chuid teagmhálaithe nó comhráite le lipéid ionas go mbeidh tú in ann iad aimsiú arís gan dua.
Socraigh teachtaireacht ag rá go bhfuil tú ar shiúl nuair nach féidir leat freagra a thabhairt agus beidh a fhios ag do chuid custaiméirí cathain ar féidir leo a bheith ag súil le freagra uait. Is féidir leat teachtaireacht fáilte a chruthú freisin chun do ghnó a chur i láthair do do chuid chustaiméirí.