
Aip WhatsApp Business
Is féidir WhatsApp Business a íoslódáil saor in aisce. Cruthaíodh é ar mhaithe le húinéirí gnólachtaí beaga. Leis an aip, tá sé éasca teagmháil phearsanta a dhéanamh le do chuid custaiméirí, do tháirgí agus seirbhísí a thabhairt chun suntais, agus ceisteanna ó na custaiméirí a fhreagairt agus iad ag siopadóireacht. Cruthaigh catalóg chun do tháirgí agus seirbhísí a thaispeáint don saol mór agus bain feidhm as sainuirlisí chun teachtaireachtaí a dhéanamh uathoibríoch, a shórtáil agus a fhreagairt go pras.
Is féidir le WhatsApp cabhrú freisin le gnólachtaí meánacha agus gnólachtaí móra tacaíocht a thabhairt do chustaiméirí agus fógraí tábhachtacha a sheoladh chucu. Faigh tuilleadh faisnéise faoi API WhatsApp Business.