Maidir le WhatsApp

Ár nAip

Baineann breis agus billiún duine i mbreis agus 180 tír feidhm as WhatsApp1 chun bheith i dteagmháil lena gcuid cairde agus a muintir, ag am ar bith in áit ar bith. Tá WhatsApp saor in aisce2 agus cuireann sé ar chumas daoine teachtaireachtaí a sheoladh agus glaonna a chur go héasca, go slán agus le hiontaofacht, ar fáil ar ghutháin ar fud na cruinne.

1 Agus tá an ceart agat, is imeartas focal é WhatsApp ar an bhfrása What's Up.

2 Seans go mbeidh táillí sonraí i gceist.

Ár Misean

Thosaigh WhatsApp amach mar rogha mhalartach ar SMS. Tá sé anois in ann réimse leathan ábhair a iompar: téacsanna, grianghraif, físeáin, doiciméid, suíomhanna agus glaonna gutha. Déantar criptiú ó cheann go ceann ar theachtaireachtaí agus ar ghlaonna, rud a fhágann nach féidir le duine ar bith eile iad a léamh nó éisteacht leo, WhatsApp féin san áireamh. Teastaíonn uainn go mbeidh daoine ar fud na cruinne in ann cumarsáid gan srian a dhéanamh lena chéile.

Ár bhfoireann

Bhunaigh Jan Koum agus Brian Acton WhatsApp tar éis dóibh 20 bliain a chaitheamh le Yahoo! idir an bheirt acu. Chuaigh WhatsApp isteach le Facebook in 2014 ach tá siad fós ag obair leo mar aip ar leith. Tá WhatsApp dírithe ar sheirbhís teachtaireachtaí a fhorbairt a oibríonn go tapa agus go slán sábháilte ar fud na cruinne.