Téacsáil

Teachtaireachtaí Simplí, Ar Féidir Brath Orthu

Cuir teachtaireachtaí chuig do chairde agus do mhuintir saor in aisce*. Baineann WhatsApp úsáid as an gceangal idirlín ar do ghuthán chun teachtaireachtaí a sheoladh ionas gur féidir leat costais SMS a sheachaint.
* Seans go mbeidh táillí sonraí i gceist. Téigh i dteagmháil le do sholáthróir chun mionsonraí a fháil.

Grúpchomhrá

Grúpaí ar mhaithe le coinneáil i dteagmháil

Coinnigh i dteagmháil leis na grúpaí daoine is tábhachtaí ar fad, do mhuintir agus do chuid comhoibrithe, cuir i gcás. Le grúpchomhráite is féidir teachtaireachtaí, pictiúir, agus físeáin a roinnt le grúpaí ina bhfuil suas le 256 duine. Is féidir ainm a chur ar an ngrúpa, an grúpa a bhalbhú agus na fógraí a shaincheapadh. É sin ar fad agus tuilleadh.
Cairde
Teaghlach
Deir Seachtaine

WhatsApp ar an nGréasán agus ar an Deasc

Coinnigh an comhrá ar siúl

Agus WhatsApp ar an ngréasán agus ar an deasc, is féidir leat do chuid comhráite ar fad a shioncronú le do ríomhaire ionas gur féidir leat bheith i mbun comhrá ar cibé gléas is oiriúnaí duit. Íoslódáil an aip deisce nó téigh go dtí web.whatsapp.com chun tús a chur leis.

Glaonna Gutha agus Físghlaonna WhatsApp

Cead Cainte

Le guthghlaonna, is féidir leat labhairt le do chuid cairde agus do mhuintir saor in aisce*, fiú má tá tú thar lear. Agus le físghlaonnasaor in aisce*, is féidir comhráite aghaidh ar aghaidh a bheith agat nuair nach leor glór nó téacs leo féin. Baineann glaonna gutha agus físghlaonna ar WhatsApp úsáid as ceangal idirlín do ghutháin, seachas nóiméid ó phlean do sholáthróra. Mar sin ní gá duit bheith buartha mar gheall ar chostais mhóra le haghaidh glaonna.
* Seans go mbeidh táillí sonraí i gceist. Téigh i dteagmháil le do sholáthróir chun mionsonraí a fháil.

Criptiú ó cheann go ceann

Slándáil de réir Réamhshocraithe

Roinntear cuid de na rudaí is príobháidí ar fad ó do shaol ar WhatsApp. Sin an fáth ar chuireamar criptiú ó cheann go ceann sna leaganacha is déanaí den aip. Agus an criptiú seo i bhfeidhm, is féidir leat bheith cinnte go bhfuil do chuid teachtaireachtaí agus glaonna slán sábháilte agus nach féidir le duine ar bith eile iad a léamh nó éisteacht leo. Ní féidir le WhatsApp féin é sin a dhéanamh fiú.

Grianghraif agus Físeáin

Roinn Eispéiris a bhfuil Tábhacht Leo

Seol grianghraif agus físeáin ar an toirt ar WhatsApp. Is féidir fiú na heachtraí is tábhachtaí duitse a ghabháil le ceamara ionsuite. Le WhatsApp, seoltar grianghraif agus físeáin fiú má tá nasc mall ann.

Glórtheachtaireachtaí

Abair Leat

Uaireanta, is fearr do ghlór féin chun scéal a insint. Le tap amháin is féidir Glórtheachtaireacht a thaifead, oireann sé más mian leat 'Dia dhuit' a rá nó scéal níos faide fiú.

Doiciméid

Doiciméid a Roinnt Gan Stró

Seol PDFanna, doiciméid, scarbhileoga, taispeántais sleamhnán agus tuilleadh, gan ríomhphostanna nó aipeanna roinnte comhad a úsáid. Is féidir doiciméid suas le 100 MB a sheoladh. Is furasta an rud an comhad tábhachtach sin a chur chuig an duine ceart go tapa.